Saorsat

Cad é Saorsat?

De bharr topagrafaíocht na hÉireann, bhí roinnt áiteanna riamh nárbh fhéidir a shroicheadh via tarchuradóireacht trastíre. Is mar gheall go dteastaíonn líne amhairc do chomharthaí trastíre é seo agus ní féidir tarchur trí shléibhte nó go domhain i ngleannta, mar shampla.

Dá bhrí sin seoladh SAORSAT chun rochtain saor go haer ar sheirbhísí teilifíse via satailít a thabhairt don 2% de líonta tí nach raibh in ann Saorview a fháil.

Má tá tú in ann Saorview a fháil, níl aon gá duit SAORSAT a fháil in áit Saorview. Chun tuilleadh eolais a fháil ar Saorview téigh chuig suíomh idirlín Saorview.

Is iad na cainéil teilifíse atá le fáil ar SAORSAT ná:

  • RTÉ One
  • RTÉ 2
  • RTÉ News Now
  • TG 4
  • RTÉ Jr
  • Oireachtas
  • RTÉ One +1
  • RTÉ 2 +1
  • RTÉ Radio 1
  • RTÉ 2FM
  • RTÉ Lyric
  • RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • RTÉ Radio 1 Extra
  • RTÉ Pulse
  • RTÉ 2XM
  • RTÉ Junior
  • RTÉ Gold

Conas mar a fhaighim SAORSAT?

Chun SAORSAT a fháil, ní mór duit mias satailíte nua a shuiteáil nó an mhias atá agat a athrú nó a ath-ailíniú go mbeidh sí iompaithe an treo ceart chun seirbhís SAORSAT a fháil. Dá bhrí sin, is beagnach cinnte go mbeidh suiteálaí gairmiúil ag teastáil uait.

Is minic go mbíonn mias satailíte socraithe chun glacadh le seirbhísí íoctha nó saor go haer na RA agus Ní ghlacann siad le SAORSAT.

Chun SAORSAT a fháil teastóidh na nithe seo a leanas uait:

  1. Mias Satailíte

    Tá mias satailíte dlúth ag teastáil do SAORSAT. Ní oibreoidh mias mogalra. Oibreoidh gnáthmhias dlúth 80cm in áiteanna sa tír ach in áiteanna go leor in Iarthuaisceart agus in Iardheisceart na hÉireann teastóidh mias 1 mhéadar. Níor cheart go gcosnódh mias satailíte mhaith níos mó ná €35. Labhair le do shuiteálaí áitiúil chun an chomhairle is fearr a fháil i dtaobh an cheantair ina bhfuil tú.

  2. Low Noise Block down converter - Feedhorn (LNBF)

    Chomh maith le mias oiriúnach, tá Banda-KA LNBF ag teastáil. LNBF an t-aonad a bhíonn ag deireadh na géige tacaíochta os comhair na méise satailíte. Teastaíonn LNBF uait atá in ann minicíochtaí sonracha SAORSAT a ghlacadh. Níor cheart go gcosnódh LNBF ar chaighdeán maith níos mó ná €35. Beidh eolas ag an suiteálaí satailíte/aeróige áitiúil faoi seo.

  3. Bosca Barr Teilifíseáin

    Níl tástáil neamhspleách déanta ar aon ghlacadóirí ach amháin ar ghlacadóirí SAORSAT-Cheadaithe, ó thaobh comhlíontacht le SAORSAT. Is féidir glacadóirí SAORSAT a cheannach ó roinnt miondíoltóirí ar fud na tíre. Is féidir an cuardach miondíoltóirí ar shuíomh idirlín Saorview a úsáid chun miondíoltóirí atá i ngar duit a aimsiú agus fiafraí díobh an bhfuil glacadóirí Saorview-cheadaithe acu.

  4. Suiteáil

    Braithfidh costas na suiteála ar a chasta is atá an jab agus braitheann ar an áit a bhfuil tú lonnaithe sa tír. I gcás gnáththeach dhá stór nó bungaló, turas fillte 40 km agus baránta 1 bhliain, chosnódh an tsuiteáil iomlán (mias, LNBF, brac ar an mballa/simléir, dromchla cábla clibeáilte agus suiteáil) timpeall is €200 ó shuiteálaí inniúil.

    Chosnódh glao seirbhíse chun LNBF nua a fheistiú ar mhias satailíte atá ann cheana, an mhias satailíte a atreorú chuig an satailít SAORSAT agus súil a chaitheamh ar an gcuid eile den tsuiteáil idir €70 agus €100 (+€35 más gá an LNBF a sholáthar).

    Mar aon le haon suiteáil, má tá tú ag dícheangal seanaeróige nó mias satailíte agus má tá an suiteálaí in ann na cáblaí atá ann a úsáid, ba chóir go laghdódh sin an costas go mór. Ní hé an rogha is fearr é, áfach, cáblaí atá ann cheana a úsáid agus is fearr cábla nua le cumhdach dúbailte a chur in áit seanábhar. Cinnteoidh sin gur féidir brath níos mó ar an tsuiteáil mar go mairfidh an cábla nua níos faide ná an seanchábla.

Bíodh tuilleadh cainéal agat saor in aisce!

Mar go mbeidh tú ag baint leasa as mias satailíte agus as glacadóir satailíte SAORSAT, féadfaidh tú an trealamh seo a úsáid freisin chun cainéil eile saor go haer a fháil ar shatailít ach LNBF breise a bheith agat. Cuirfidh do mhiondíoltóir nó do shuiteálaí comhairle ort maidir leis sin a shocrú. Ciallaíonn sin go mbeidh teacht agat ar chainéil Éireannacha agus as an Ríocht Aontaithe gan aon chostas in aghaidh na míosa! Téigh i gcomhairle le do mhiondíoltóir nó do shuiteálaí áitiúil maidir leis an réiteach SAORSAT is fearr duitse agus bí cinnte go bhfaighidh tú meastacháin ar aon obair sula dtosaítear uirthi agus iarr ráthaíocht.